Ceann an Chairn, Loch Garman

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCeann an Chairn, Loch Garman

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52° 10′ 14″ N, 6° 21′ 20″ O / 52.1706°N,6.3556°W / 52.1706; -6.3556
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceMuir Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165667

Ceann tíre agus sráidbhaile in oirdheisceart Chontae Loch Garman é Ceann an Chairn[1]an Carn (Carnsore Point i mBéarla), a bhain clú amach i 1977, nuair a chinn Rialtas na hÉireann, agus Desmond O'Malley an t-aire Fuinnimh, stáisiún ginte leictreachais núicléigh a bhunú ann, i gCeann an Chairn. Bhíothas i mbun agóide ag an suíomh agus ar fud na tíre sna blianta 1977-79. Tá cáil go fóill ar na mórchoirmeacha ceoil a eagraíodh "Get to the Point" (1978) agus "Back to the Point" (1979) agus bhí coirmeacha beaga in áiteanna eile chun aird an phobail a tharraingt ar chinneadh an rialtais.

Bhí an-bhaint ag an gceoltóir Christy Moore leis an bhfeachtas. Mar gheall ar an agóidíocht ghéill an rialtas faoi dheireadh i 1979, ag rá nach raibh an tír sách mór do stáisiún núicléach. Ní dhearnadh aon fhorbairt ar an suíomh ó shin, agus tá Éire saor ó stáisiúin núicléacha fós.

  1. Ceann an Chairn/Carnsore Point | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-01-04.

© MMXXIII Rich X Search. We shall prevail. All rights reserved. Rich X Search